Fostú. Bhíodh orthu imeacht le obair a fháil, chaitheadh siad imeacht ó tús mí Meithimh go Nollaig. D’imíodh siad na Lagáin nuair a bhí siad 14 bliana d’aois. Bhí sé féin ann ar feadh 6 mhí agus thug na daoine a d’fhostaigh é aire mhaith do cé go raibh cuid de na fostóir nach raibh chomh maith sin. Chuaigh sé go dtí an Rablach ó stáisiún Ghaoth Dobhair go Leitir Ceanainn agus ó sin go Leifear. Bhí feirm eile ag a thaobh agus ba le mac den fhear a raibh Micí é féin aige. Bhí girseach as an bhaile ar fhostú ansin. Bhí feirm mór ann, dhá leaba agus urlár créafóige a bhí sa seomra a bhí Micí ina chodladh ann. Scéalta faoi am sin.
Bhí eallach ann le bligh ach lig sé ar féin nach raibh sé ábalta é a dhéanamh, ní raibh siad géar air.
£18 ar son na 6 mhí an pá a fuair sé, in 1942. Bhí an cogadh ag dul san am fosta. Phill sé na bhaile i ndiaidh na 6 mí sin.
Fad: 00:08:40 Éist
I ndiaidh an chogaidh thosaigh sé ar na hOibreacha Poiblí, obair thógála. Thosaigh sé sna tolláin ansin sna caogadaí. Cur síos ar an obair a rinne sé. Bhí sé dorcha agus contúirteach go leor in amanna. Bhí siad ag déanamh dambaí.
I Manchain bhí sé ag obair i dtolláin ag obair le gual.
Is iomaí taisme a tharla agus gortaíodh daoine ar na seifteanna.
D’fhéadfadh na tolláin a bheith 8 míle ar fhad, bhíodh bealtaí éagsúla déanta isteach (headings) sa tolláin ag áiteanna éagsúla ar feadh an tolláin.
Bhog sé ó áit go háit, ó Albain go Manchain (sin an ceann a ba chontúirtigh), is iomaí duine a gortaíodh ann, thiteadh na clocha anuas iontach gasta, bhí daoine gortaithe ar gach seift. Bhíodh clocha móra ag titim agus a mbuaileadh sa droim, fear a gortaíodh lá amháin. Chuaigh sé go Tuaisceart na Breataine Bige ansin.
Fad: 00:10:42 Éist
Phill sé na bhaile nuair a bhí a athair tinn in 1970. Ag McAlpine a bhí sé san am in Dún Éideann in St. James Square ar ionad siopadóireachta. An t-am a bhí a athair tinn agus mar a chuaigh sé amach an ospidéil, fuair sé bás san ospidéal. Theip na duáin air. D’fhan Micí sa bhaile ina dhiaidh sin mar bhí a mháthair le féin. Bhí sé ag obair leis an mhóin tamall ansin go dtí gur ghortaigh sé a dhroim go holc.
Fad: 00:03:42 Éist